St Patrick’s Dromahair GAA Club Notes 31/01/2018
Lá Fhéile Bríde – ‘Anois teacht an Earraigh, beidh an lá ag dul chun síneadh’ … mar a scríobh Raifteirí fadó. Ar an 1 Feabhra, bímid ag céiliúradh Imbolg nó Lá Fhéile Bríde. Dar lenár sinsear, bhí an talamh ag dúiseacht tar éis laetha fada an gheimhridh. Bhí borradh agus fás ag teacht sa nádúir agus bhí na huain ag teacht ar an saol. Sa ré Críostaíochta, luaitear Naomh Bríd leis an lá seo. Tá neart scéalta fúithi agus aithníonn gach duine Cros Bhríde. Deirtear go dtugann sí aire don teaghlach le linn na bliana áit a bhfuil an cros ar crochadh. As luachra a dheintear an cros.